7. Leabhar na hUrnaí Coitinne sa phost!

An mhí seo caite, chuaigh mé i dteagmháil leis an Dr. Rita Kelly, oifigeach forbartha Chumann Gaelach na hEaglaise, grúpa laistigh d’Eaglais na hÉireann a chuireann úsáid na Gaeilge chun cinn. D’fhiafraigh mé di cá bhféadfainn cóip de Leabhar na hUrnaí Coitinne i nGaeilge a cheannach. Ní raibh mé ag súil leis, ach sheol sí an Leabhar chugam! Úaú!

Beidh mé ag déanamh Quizlet le na paidreacha coitianta, mar shampla, Paidir an Tiarna, Creideamh na nAspal, srl.

6. “Ag Gáire: Gar na Teilifíse”

Ba é an ceathrú tasc sa rang “Peann agus Páipéar” cuplá abairt a scríobh ar ghrianghraf a chuir an múinteoir ar fáil.

Scríobh mé faoin faoin phictiúir seo. Déanta na fírinne, scríobh mé fúm féin; bhí mé tar éis ag ceannaigh teilifís nua!

Ag Gáire: Gar na Teilifíse

Ní ró-fhada ó shin, fuair teilifís Chathail bás.

Bhí an bás an-uafásach, le spréacha agus deatach agus gloine bhriste, ach ní raibh Cathal ag gol faoi.

Continue reading “6. “Ag Gáire: Gar na Teilifíse””

5. “On Basilisk Station” le David Weber

Ba é an tríú tasc sa rang “Peann agus Pár” léirmheas gairid a scríobh ar leabhar dár rogha féin.

Thogh mé scríobh faoin úrscéal “On Basilisk Station” le David Weber:

Is sampla breá é an leabhar “On Basilisk Station” den seánra ar a dtugtar “ficsean eolaíochta míleata.” Is é an chéad imleabhar é i sraith de shé úrscéal déag agus seacht gcnuasach gearrscéalta faoin bpríomhcharachtar Honor Harrington. Tá na scéalta seo bunaithe ar fhicsean cabhlaigh C.S. Forester; dúirt an t-údar David Weber gurb é Honor Harrington “Horatio Hornblower sa spás.”

Tá trí phríomh-náisiúnstát san “Honorverse”: Ríocht Réalta Manticore, Daonphoblacht Haven, agus Conradh na Gréine. Is naimhde iad Manticore agus Haven agus tá cogadh ar siúl eatarthu. Is oifigeach í Harrington i gcabhlach spáis Manticore.

Continue reading “5. “On Basilisk Station” le David Weber”

4. “An Triail” le Máiréad Ní Gráda

An dara tasc a bhí againn sa rang “Peann agus Pár” ná breathnú ar an gcéad trí nóiméad den dráma “An Triail” le Máiréad Ní Gráda. Ansin bhí orainn cúpla abairt a scríobh faoi.

Seo an méid a scríobh mé:

Dráma é seo faoi thriail mná óig a dhúnmharaigh a leanbh. Tosaíonn an dráma le guth mná. Tá sí ag rá “Mharaigh mé mo leanbh … tá m’iníon saor.”

Continue reading “4. “An Triail” le Máiréad Ní Gráda”

3. Scéalta do Pháistí

Bhí mé ag glacadh páirte i rang ar a dtugtar “Peann agus Pár.” I dtéarma a trí, ba é an chéad cheacht a bhí againn ná dhá scéal do pháistí a léamh agus aistí gearra a scríobh fúthu. (Tá na scéalta anseo.)

Seo é m’obair bhaile:

Scéal a Léigh Mé (a hAon)

Léigh mé an leabhar “Tintreach agus Toirneach” a insíonn scéal máthair agus a mac, agus a mhíníonn nádúr na stoirmeacha. Toirneach is ainm don máthair agus Tintreach is ainm don mac. Is duine ceanndána é an mac, agus bíonn fearg air go minic. Cuireann sé rudaí trí thine: feirmeacha, tithe, crainn, srl. Tá ainmhithe agus daoine maraithe aige fiú. Béiceann a mháthair air. Búireann sí mar tharbh ollmhór, ach ní thagann maith ar bith as. Nuair a dhéanann muintir na háite gearán leis an rí, díbríonn sé chun na spéire iad. Tá siad ann fós, agus sin an fáth a bhfeicimid agus a gcloisimid iad le linn stoirme inniu.

Continue reading “3. Scéalta do Pháistí”

1. Dia Daoibh a Chairde!

Is blag trialach é seo. Is sagart Anglacánach scortha mé (an blagálaí) agus dalta na Gaeilge. Tá mé ag fánaíocht tríd an saol, nó b’fhéidir go bhfuilim ag snámh ar bharr uisce na beatha. (Sa ghrianghraf, tá mé ar snámh sa Mhuir Mharbh.)

Postálfaidh mé ailt bheaga i nGaeilge ó am go ham, ach ní féidir liom cruinneas na Gaeilge atá aimsiú anseo a dheimhniú. Déanfaidh mé mo dhícheall.